Cad is brí le Stróc?
Stróc an t-ainm atá tugtha do breoiteacht a tharlaíonn nuair a bhíonn timthriall fola chuig an inchinn. Déanann sé seo damáiste do na cealla san inchinn toisc an easpa ocsaigin agus cothaithigh tabhachtach. Beidh damáiste déanta do cealla agus beidh cealla eile basaithe.
Tugtar timpiste ceurbreashoithíoch do stróc. Tugtar an téarma “stróc” ar toisc go dtagann sé gan réamhrabhaidh – ag bualadh do tobann.
Is ionann stróc don inchinn agus taom croí don croí.
Téachtán fola is cúis le 80% de stócanna, a dhéanann ceann de na h-artaire a thógann fuil chuig an inchinn a bhlocáil. Stróc ioscaemach a ghlaotar ar an saghas stróc seo. Easpa fola go dtí fíochán coirp is brí le ioscaemach.
Fuiliú ó fuileadán briste is cuis le 20% de strócanna. Glaotar stróc fuilreatha ar an saghas stróc seo. Ealú fola is brí le rith fola.
Stróc Ioscaemach
Tá cúpla slí gur féidir stróc ioscaemach a tharla. Trí cinn coitianta ná:
1.Trombóis Ceirbreach
2.Eambólacht Ceirbreach
3.Stróc Lacunar
Stróc Fuilreatha
Uaireanta glaotar ceirbreach fuilreatha ar seo toisc gur fuil ag dul isteach sa inchinn ó fuileadán briste atá i gceist. Má bhíonn fuiliú lastigh den inchinn glaotar “Intercerebral Haemorrhage” ar. Má bhíonn fuiliú sa spás thart timpeall ar an inchinn is “Subarachnoid Haemorrhage” a glaotar ar.
|