Ceann de na príomh aidhm a bhaineann le athshlánú ná chun an méid soghluaisteacht agus is féidir a cothú. Glacann daoine le athshlánú i slite éagsúla. Tá cúpla céim ó thaobh soghluaisteacht thíos. Is féidir le daoine bogadh idir na céimeanna le linn athshlánú.
Siúl
Má tá cothromaíocht ó thaobh seasamh agat mar aon le gníomhaíocht i do chosa, rogha soghluaisteacht atá agat ná súil. Tá gá le measúnú ón fisiteiripeoir maidir le trealamh m.sh. maide nó fráma siúl. I gcásanna áirithe is feidir úsáid a bhaint as teanntáin nó cléithíní chun súil níos fearr.
Moltar broga oiriúnacha atá compordach agus luiteacha. Níl slipéir nó sála áirde oiriúnach.
Cathaoir Rothaí
Ag amanna áirithe beidh cathaoir rothaí innealta nó cathaoir féin-ghluaiste tabhachtach do soghluaisteacht. Más é seo an cás, ba cheart meastachán a dhéanamh chun ceann atá oiriúnach dod’ riachtanais a fháil. Ní bheidh tú oiriúnach do cathaoir rothaí innealta má tá lagú amhairc agat.
Ardaitheoir
Is féidir úsáid a bhaint as ardaitheoir chun tú a bhogadh ón leaba go dtí cathaoir nó ón gcathaoir go dtí an leithreas má tá fadhbanna cothromaíocht idir suí agus seasamh agat. Is é seo an rogha is sábháilte don té a tháinig slán ón stróc agus don cúramóir. Is féidir díobháil a dhéanamh duitse nó don cúramóir.
|